“Chuir an tSeapáin tús le feachtas an tseachtain seo chun seanfhóin chliste agus giuirléidí iniompartha eile a bhailiú ionas gur féidir iad a iompú isteach i mbonn do Chluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha Tóiceo 2020.
Sheol Rialtas Cathrach Tóiceo an tionscadal Déardaoin agus é mar sprioc aige suas le 2 mhilliún feiste úsáidte a bhailiú le hathchúrsáil.
Tá méideanna beaga de mhiotail lómhara i ngléasraí cosúil le fóin chliste ina gcuid sliseanna agus cláir chiorcaid. Tá na cainníochtaí beag bídeach ach tá siad luachmhar go leor le gur fiú an costas a ghnóthú.
I gcás fón cliste, tá thart ar 0.048 gram óir, 0.26 gram airgid, agus 12.7 gram de chré-umha. Chun an thart ar 5,000 bonn a bhronnfar in 2020 a bhaint amach, beidh 10 gcileagram óir, 1,230kg airgid, agus 736kg de chré-umha ag teastáil ó na heagraithe. (Tá an méid óir i bhfad níos lú toisc go bhfuil na boinn sin plátáilte agus ní ór soladach).
Tá an feachtas ag iarraidh ar shaoránaigh fóin chliste, ceamaraí digiteacha, físcheamaraí, seinnteoirí fuaime, gléasanna iniompartha cluiche, cianrialtáin, áireamháin leictreonacha, aonaid GPS, agus oiriúntóirí cumhachta AC a chur isteach.
Cé go gcuirfear tús beag leis an tionscadal le pointe bailiúcháin amháin ag siopa áise i bhfoirgneamh an Rialtais Uirbeach, rachaidh sé go náisiúnta i mí Aibreáin nuair a bheidh tomhaltóirí in ann giuirléidí úsáidte a bhronnadh ar 2,400 siopa iompróra fón póca NTT DoCoMo."
Foinse: Martyn Williams, http://www.pcworld.com